Post by eala on Mar 18, 2023 16:54:50 GMT
An ceist cheanna , an bhfuil sé ráite go maith anseo?
( tuairisc.ie/gael-is-ea-gael-is-cuma-dubh-ban-no-riabhach/ )
Daithí De Mórdha
Dé Luain, Eanáir 28 2019 Tuairsc:
Tugaim fé ndeara go bhfuil na faisistigh agus na cinígh ag iarraidh earraíocht a bhaint ar na saolta seo as sainmhíniú éigin ar an téarma ‘Gael’ mar lón airm ina gcath i gcoinne gach pobal nach bhfuil geal, Críostaí, Iartharach, Eorpach. Léas i roinnt áiteanna le déanaí roinnt teoiricí a thug le fios go bhfuil bonn éigin fola ag baint le Gaeil an lae inniu, go bhfuil íonacht nó glaineacht cine de dhíth chun go mbeadh an teideal ‘Gael’ tuillte ag duine. Agus ní nach iontach le naitsithe na méarchlár, tuigtear dóibh go bhfuil na Gaeil níos uachtaraí ná pobail eile na tíre.
Ní gá dom a rá, is dócha, go gcuireann an cac-asail-sa-deep-freeze seo breoiteacht orm, mar ní ar mhaithe leis na Gaeil atáid, ach chun cos ar bholg a leagadh ar dhaoine atá difriúil uathu féin. Nach diabhal an obair é, má táid chomh tógtha san leis an náisiún Gaelach, gur as Béarla a bhíonn formhór mór a gcuid briollamais?
Dá ngéillfí dos na tuiscintí seo, ní haon Ghael mise, toisc gur de shliocht Normannach mé, ná Peig Sayers féin, ós rud é gur de shliocht Sasanach na Saorsaigh úd.
Níl bunús fola, ná dath craicinn, le náisiún Gaelach na linne seo; baineann sé le cultúr, tuiscintí agus teanga. I measc na sainmhínithe is coitianta a úsáidtear don choincheap ‘Bundúchasach’ tá an sainmhíniú seo leanas ag Jose R. Martinez Cobo ina thuairisc do na Náisiúin Aontaithe ar chosaint mionlaigh a foilsíodh sa bhliain 1986. De réir na tuairisce bíonn ceann amháin de na tréithe seo, ar a laghad, ag baint le náisiún ar leith:
Occupation of ancestral lands, or at least of part of them;
Common ancestry with the original occupants of these lands;
Culture in general, or in specific manifestations
Language (whether used as the only language, as mother-tongue, as the habitual means of communication at home or in the family, or as the main, preferred, habitual, general or normal language);
Residence in certain parts of the country, or in certain regions of the world;
Other relevant factors
Tá an dá ghné acusan atá sa chló trom agam ríthábhachtach má táimid d’iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar cén saghas pobail atá ionainn, na Gaeil. Is i dtaobh ár gcultúir agus ár dteanga atá náisiún ar leith againn, agus táid sin araon beag beann ar chúrsaí fola. Léirímid ár bhféiniúlacht lenár gcultúr, leis an gceol a sheinnimid, nó leis na cluichí a imrímid, ach thar aon ní eile, leis an teanga a bhíonn á labhairt againn. Níl aon bhaint ag dath ár gcraicinn leis mar scéal.
Tógfam an teanga mar shampla. Tá sí ag cuid againn ón gcliabhán, amach sna blianta a fhoghlaimíonn daoine eile í, ach nascann sí sinn ar fad le chéile in aon phobal amháin. Tá an rud céanna amhlaidh fén gceol agus fén spórt.
Ní hé sin le rá go gcaithfidh gach Gael Foclóir an Duinnínigh a bheith i lámh amháin acu agus camán sa lámh eile, cruit buailte thiar orthu agus gan ach glan-Ghaelainn a bheith á labhairt acu ó dhubh dubh. Tréithe iadsan ar fad dár náisiúnacht Gaelach, ach ní fhágann sin go gcaithfidh siad ar fad a bheith ionann ná nach féidir slí a dhéanamh do thréithe eile. Is mó Gael gur liathróid ubhchruthach a bhíonn acu agus a bhaineann ceoil as giotár leictreach. Ach tá meas acu ar fad ar a gcultúr agus ar a bpobal, agus ar an ilchineál duine atá sa náisiún sin.
Bhí tamall ann agus samhlaíodh an Náisiún Gaelach agus an Stát mar aon rud amháin; náisiúnstát Éireannach, Gaelach, Caitliceach, Geal. Tugadh ról siombalach do chultúr agus do theanga na nGael i ngléasra an stáit nua ó dheas, agus leanadh leis an gcur i gcéill go raibh útóipe Ghaelach ar leac an dorais againn. Ach ní hí Róisín Dubh a fuair Éire thar n-ais, ach Dark Rosaleen. Tá níos mó dealraimh ag an náisiún Gaelach inniu le náisiúin bhundúchasacha i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe ná mar atá aici le náisiúnstáit na hEorpa, ach go bhfuil féinriail agus aitheantas níos mó ag ár mbráithre thall ná mar atá againne abhus.
Cuirtear i leith lucht labhartha na Gaelainne go mion minic go gceapaimid go bhfuilimid níos ‘Éireannaí’ ná éinne eile. Ní fíor sin; níl ann ach go bhfuilimid níos Gaelaí.
Tá sé thar am dúinn an téarma Gael a bhualadh orainn aríst, mar phobal agus mar náisiún, agus gan é a fhágaint fés na cinígh. Fé mar a dúirt duine eolgaiseach uair, Gael is ea Gael, is cuma dubh, bán nó riabhach.